Claí

Thursday, December 23, 2010

Ná hEanacha

Tá mé traochta ag cur beatha amach go seasta chuig na h-éanacha.  Tá'n oiread sin acu ann go bhfuil sé deacair coinneáil suas leo.  Is mór an trua iad na créatúir agus a gcuid clúch séidithe suas le h-aghaidh an teas a choiméad istigh.  Uaireanta ardóigh siad cois amháin le h-aghaidh í a théamh, ansin athraíonn siad an chois agus téighfidh siad an ceann eile.

Chuala mé gur cailleadh 80% dena dreoilíní sa mBreatáin anuraidh sa bhfuacht mór agus tá faitíos orm gur tharla an rud céanna anseo.  Chonaic mé dreoilín amháin thart ar seachtain ó shin agus ní fhacthas ó shin í cé go bhfuil mé ag cur beatha isteach is scailp an chlaí di.

Monday, October 4, 2010

Scrúdú tiomáint

Inniú a chaith mé mo chéad scrúdú don cheadúnas tiománaint a dhéanamh agus cé gur cheap mé féin nach mbeadh mé neirbhéasach - bhí mo chuid glúine ag creath nuair a bhí orm siúl isteach sa seomara beag sin. Ar an gClochán i gConamara a déanadh an scrúdú agus má thiomáin aon duine aríamh ann, tá 's agaíbh chomh casta atá na bóithrí beaga cama!  Suas agus síos, anonn 's anall, agus mé ag déanamh mo dhearg dícheall gan a bheith ag breathnú ar an bpíosa páipéir ar a ghóil.


Faoi dheireadh bhí orm an carr a pharcáil agus práiseach ceart a rinne mé dhó sin, ach bhí mé cinnte gur theip orm faoin am sin, so bíodh an diabhal aige anois a dúirt mé liom féin.  Níor fhan focal i mo chlab (agus b'annamh liom) nuair a dúirt sé go bhfuair mé mo phas!  Woohoo!!

Sunday, October 3, 2010

Ag cur tús leis

Seo hé an chéad uair a bhfuil mé ag baint tríáil as blag, níl mé cinnte fós an bhfuil mé á dhéanamh ceart, nó ar praiseach ceart atá ann....

Is dóigh gur cheart dom a insint an fáth a bhfuil mé ag cur tús leis...  Le fada an lá tá bráth orm a bheith ag scríobh níos rialta agus d'fhreastal mé ar cheardlann scríobhneoireachta inné a thug an muinín dom é a thríail.  So sin é faoi láthair, agus tá súil agam go bhfuil duine éigin amuigh ansin ata á léamh seo, agus muna bhfuil féin, tá sé úsáideach le mo chuid scríobhneoireacht a chleachtadh.