Claí

Monday, October 4, 2010

Scrúdú tiomáint

Inniú a chaith mé mo chéad scrúdú don cheadúnas tiománaint a dhéanamh agus cé gur cheap mé féin nach mbeadh mé neirbhéasach - bhí mo chuid glúine ag creath nuair a bhí orm siúl isteach sa seomara beag sin. Ar an gClochán i gConamara a déanadh an scrúdú agus má thiomáin aon duine aríamh ann, tá 's agaíbh chomh casta atá na bóithrí beaga cama!  Suas agus síos, anonn 's anall, agus mé ag déanamh mo dhearg dícheall gan a bheith ag breathnú ar an bpíosa páipéir ar a ghóil.


Faoi dheireadh bhí orm an carr a pharcáil agus práiseach ceart a rinne mé dhó sin, ach bhí mé cinnte gur theip orm faoin am sin, so bíodh an diabhal aige anois a dúirt mé liom féin.  Níor fhan focal i mo chlab (agus b'annamh liom) nuair a dúirt sé go bhfuair mé mo phas!  Woohoo!!

No comments:

Post a Comment